Torthaí cuardaigh do shóisialta

21 Torthaí ag teacht le do chritéir

icon environment

Déantar athbhreithniú sa scrúdú seo ar an gcaoi lena bhforbraíodh an clár i dtéarmaí ama, costais agus seachadadh. Déantar scrúdú ann chomh maith ar an dul chun cinn i réimsí athnuachana eacnamaíche agus sóisialta, agus na dúshláin atá fós ann roimh chríochnú rathúil an chláir athnuachana.

icon-crossgovernment

Ceanglaíonn Alt 226 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, gach trí bliana, an méid dul chun cinn atá déanta ag NAMA i ndáil lena cuspóir foriomlán a chomhlíonadh, a mheas. Is é seo an tríú tuarascáil ar dhul chun cinn. Breithnítear sa tuarascáil seo dul chun cinn NAMA chomh fada is a bhaineann le gnóthachtáil a príomhchuspóirí agus a príomhspriocanna go dtí deireadh 2018.

icon crossgovernment

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2016. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.

icon crossgovernment

D’fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil do Dháil Éireann ar thorthaí a scrúdaithe ar Chuntais na Ranna agus Oifigí Rialtais do 2019. Sainaithnítear sa Tuarascáil saincheisteanna ar fiú, ina thuairim féin, don Choiste um Chuntais Phoiblí féachaint orthu ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht.

icon economyfinance

Ceanglaítear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le hAlt 226 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009, measúnú a dhéanamh gach trí bliana ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) i dtreo a cuspóirí foriomlána a bhaint amach. Is í seo an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn. Breithnítear inti an dul chun cinn atá déanta ag GNBS maidir lena phríomhchuspóirí agus a phríomhspriocanna a bhaint amach go dtí deireadh 2021.

icon-crossgovernment

Le hAlt 226 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009 ceanglaítear ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste measúnú a dhéanamh, gach trí bliana, ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag NAMA maidir lena chuspóirí foriomlána a bhaint amach. Déantar measúnú sa (chúigiú) athbhreithniú seo ar dhul chun cinn NAMA i dtreo bhaint amach a chuid cuspóirí suas go dtí deireadh 2024.

icon-crossgovernment

Tugadh faoin scrúdú seo chun léargas ginearálta a sholáthar ar an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais — a dtagraítear dó go ginearálta mar ‘Margadh Cothrom’ — i ndiaidh na chéad tréimhse deich mbliana a raibh an Scéim á feidhmiú lena linn. Áirítear leis seo athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí muirir seachtainiúla a ghearrtar ar chúram teach altranais a sholáthar, éileamh ar an Scéim a bhainistiú, measúnú a dhéanamh ar ranníocaíochtaí cónaitheoirí i dtreo chostas a gcúraim, agus Iasachtú an Stáit le cónaitheoirí teach altranais.