Tuarascála VFM

Taifeadtar i dTuarascálacha ar Luach ar Airgead torthaí scrúduithe ar (a) a choigiltí agus a éifeachtúla is a fhaigheann, a úsáideann agus a dhiúscraíonn comhlachtaí Stáit acmhainní (b) torthaí scrúduithe ar na córais, nósanna imeachta agus cleachtais arna n-úsáid ag comhlachtaí Stáit chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí is bhíonn a gcuid oibriúchán.
  • Special Report 80: Administration of National Health and Local Authority Levy Fund Adobe PDF format document

    Published on 29 April 2013

    Over the period 1998 to 2009, money was allocated by a number of public bodies for social partnership initiatives involving health sector and local authority sector staff. A bank account entitled the SIPTU National Health and Local Authority Levy Fund Account (the Fund) was set up to hold the money provided. The Fund was administered by a senior official of SIPTU. Because of public concern about the operation of the Fund, the Comptroller and Auditor General undertook an inspection of all the available accounts and financial records relating to the Fund, in accordance with section 5 (1) (b) of the Comptroller and Auditor General (Amendment) Act 1993. The report examines the payment of public money to the Fund, and the extent to which adequate accounting and reporting arrangements were put in place by the public bodies that provided the funding. It also examines how the money in the Fund was managed and used. It includes recommendations designed to improve the control over and accountability for State grants.

    [view Press Release]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 79: An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní – Bainistíocht Iasachtaí Adobe PDF format document

    Published on 24 May 2012

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste athbhreithniú ar an méid ar ar chuir an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní an próiseas fála iasachta agus ar phróifíl na comhthaobhachta a fholuíonn na hiasachtaí a fuair sí. Breathnaítear sa tuarascáil freisin ar an dóigh a mbainistíonn an GNBS a caidrimh le hiasachtaithe tar éis na hiasachtaí a fháil agus ar thorthaí a cuid gníomhaíochtaí tosaigh um bainistíocht fiachais

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 78: Cúrsaí a Eascraíonn as Iniúchtaí Oideachais Adobe PDF format document

    Published on 05 June 2012

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar chúrsaí a eascraíonn as iniúchtaí san earnáil oideachais. Áiríodh le raon an scrúdaithe gnéithe de bhainistíocht acmhainní in institiúidí tríú leibhéal agus ghníomhaíochtaí a rinneadh trí chuideachtaí campais agus trí fhondúireachtaí sna hinstitiúidí sin. Áiríodh leis an tuarascáil freisin cúrsaí áirithe a bhain le luach saothair agus le cuntasacht arb é atá i gceist iontu measúnú iar-iniúchta ar chúrsaí a tuairiscíodh i dTuarascáil Ar Leith 75 a eisíodh i mí Mheán Fómhair 2010.

    [view Press Release]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 77 – Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath Adobe PDF format document

    Published on 31 May 2012

    Ceapadh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir ar Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath (an tÚdarás) le tosú leis an mbliain airgeadais 2010. Eisíodh an tuarascáil iniúchóra ar ráitis airgeadais an Údaráis don bhliain sin an 7 Samhain 2011. Ina theannta sin, d'ullmhaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuarascáil ar leith ar an Údarás chun cuntas níos iomláine a thabhairt ar stádas airgeadais foriomlán agus riarachán an Údaráis, ar bhainistíocht a infheistíochta i suíomh Irish Glass Bottle agus ar an dóigh a bhfuiltear a fheidhm phleanála á riar

    [view Press Release]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 76: An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní – Fáil Sócmhainní Bainc Adobe PDF format document

    Published on 02 November 2010

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste athbhreithniú ar Fháil Sócmhainní Bainc na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Is é cuspóir na tuarascála tosaí seo cuntas luath a thabhairt ar na struchtúir, na córais agus na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an GNBS lena feidhmeanna a chur chun feidhme. Leagtar amach sa tuarascáil seo toradh na gcéad fhálacha iasachtaí agus na socruithe le haghaidh an ghníomhaireacht a rialú agus acmhainní a chur ar fáil di.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 75: Ollscoileanna Éireannacha – Bainistíocht Acmhainní agus Feidhmíocht Adobe PDF format document

    Published on 17 September 2010

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar Bhainistíocht Acmhainní agus Fheidhmíocht i seacht n-ollscoil Éireannacha faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna. Mheas an scrúdú méid agus cineál an chistithe arna chur ar fáil d'ollscoileanna agus rinne sé measúnú ar na caidrimh idir iniúchóirí ollscoileanna. Déantar athbhreithniú freisin ar an dóigh a n-úsáidtear teicneolaíochtaí agus faisnéis bainistíochta chun feabhas a chur ar aschuir agus ar na socruithe le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na n-aschur. Rinneadh athbhreithniú ar na cleachtais luacha saothair, lena n-áirítear íocaíocht liúntas agus sochar eile, chomh maith le bainistíocht na hoibre seachtraí in dhá ollscoil agus leagadh amach an gnás le blianta breisithe a bhronnadh agus teidlíochtaí pinsin fhostaithe na hollscoile á ríomh freisin.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 74: Earnáil Oideachais Adobe PDF format document

    Published on 03 December 2010

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar íocaíochtaí ón gCiste Nuálaíochta Straitéiseach, ar na socruithe le haghaidh monatóireacht a dhéanamh ar thinreamh i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna, ar na cúiseanna le róchaiteachas ar thionscadal forbartha caipitil ag Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, ar fheidhmiú scéim luathscoir ag FETAC, ar luach saothair áirithe agus ar chostais i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ar stádas reatha na Scéime um Shásamh i leith Foras Cónaithe agus cúrsaí lena mbaineann.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 73: Rialú Inmheánach agus Rialachas in FÁS Adobe PDF format document

    Published on 28 January 2010

    Feidhmíonn FÁS faoi choimirce na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus tá feidhmeanna aige i ndáil le hoiliúint na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine dífhostaithe, le huasoiliúint na ndaoine fostaithe agus le riarachán na bprintíseachtaí. Ba é a bhí i gceist sa scrúdú seo ná athbhreithniú ar rialachas inmheánach, ar rialachas agus ar chúrsaí lena mbaineann in FÁS sa tréimhse 2002 go 2008. Dhírigh sé ar idirbhearta arna ndéanamh ag Príomh-Oifig FÁS agus ar shocruithe rialachais don eagraíocht. Rinne sé athbhreithniú freisin ar bhainistíocht an Chláir Forbartha Inniúlachta agus riarachán na gcostas taistil eachtraigh agus gnó. Sainaithnítear sa tuarascáil roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhsúcháin a dhéanamh ar na córais, cleachtais agus nósanna imeachta a úsáideann FÁS.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 72: An Rialtóir Airgeadais Adobe PDF format document

    Published on 22 March 2010

    D'fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, John Buckley, tuarascáil ar fhreagairt an Rialtóra Airgeadais do Ghéarchéim an Mhargaidh Airgeadais. Leagtar amach sa tuarascáil seo na bearta arna ndéanamh nó arna moladh ag an Rialtóir Airgeadais d'fhonn freagairt do na heasnaimh i rialúchán airgeadais a tháinig chun solais de réir mar a tháinig an ghéarchéim airgeadais dheireanach aníos. Leagtar amach inti na torthaí ar thuarascálacha deireanacha an AE agus idirnáisiúnta a scrúdaigh oibriú an rialúcháin airgeadais.

    [view Press Release]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 71: Tástáil Tiománaithe san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre Adobe PDF format document

    Published on 05 February 2010

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar an tSeirbhís Tástála Tiománaithe a riarann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Mheas an scrúdú leordhóthanacht nósanna imeachta an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre maidir le forbairt conarthaí agus bainistíocht i ndáil lena chonarthaí i leith tástálacha seachfhoinsithe. Mheas sé freisin éifeachtúlacht fhoriomlán na Seirbhíse Tástála Tiománaithe agus na córais arna gcur i bhfeidhm ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun feidhmíocht eagraíochta a bhainistiú agus maoirseacht na Roinne Iompair a éascú.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 70: Ranna Éigeandála Adobe PDF format document

    Published on 12 February 2010

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar ranna éigeandála. Cuireadh an tuarascáil ar an scrúdú faoi bhráid an Aire Sláinte agus Leanaí an 19 Samhain 2009. Faoi fhorálacha Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, ceanglaítear ar an Aire an tuarascáil a chur i láthair Dháil Éireann laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar ar cuireadh an tuarascáil faoina bráid.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 69: Asláithreacht Tinnis a Bhainistiú sa Státseirbhís Adobe PDF format document

    Published on 22 October 2009

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar bhainistíocht na hasláithreachta tinnis sa Státseirbhís. Bhreathnaigh an scrúdú ar scála na hasláithreachta tinnis i ranna Státseirbhíse, ar chineál na hasláithreachta seo agus ar a dáileachán i measc foirne. Ríomh sé an tionchar airgeadais a bhí ag asláithreacht tinnis ar ranna. Rinne sé athbhreithniú ar na socruithe atá i bhfeidhm ag ranna chun bainistíocht, monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar asláithreacht de bharr tinnis. Bhreathnaigh sé freisin ar an méid ar ar glacadh bearta agus tionscnaimh chun folláine agus tinreamh a chur chun cinn.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 68: Pinsin an Rialtais Láir Adobe PDF format document

    Published on 22 October 2009

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar phinsin seirbhíse poiblí. Sholáthair torthaí an scrúdaithe meastachán ar an dliteanas pinsin seirbhíse poiblí fabhraithe i ndáil le foireann seirbhíse poiblí, réamh-mheastacháin sreafa airgid phinsin sna 50 bliain romhainn agus an costas ar shochair luacha saothair a chur ar fáil do na catagóirí éagsúla d'fhostaithe seirbhíse poiblí ó thaobh a gcostas párolla de. Bhreathnaigh an scrúdú freisin ar na socruithe riaracháin, cistithe agus cuntasaíochta le haghaidh pinsin státseirbhíseach.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 67: An Scéim Maoirseachta agus Ionadaíochta in Iarbhunscoileanna, an Comhlíonadh Conarthaí Fostaíochta in Institiúidí Teicneolaíochta Adobe PDF format document

    Published on 29 July 2009

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúduithe ar thrí réimse freagrachta ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta – an Scéim Maoirseachta agus Ionadaíochta in Iarbhunscoileanna, an Comhlíonadh Conarthaí Fostaíochta in Institiúidí Teicneolaíochta agus an Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú. Rinne an scrúdú ar an Scéim Maoirseachta agus Ionadaíochta in Iarbhunscoileanna breithniú ar an luach a sholáthair na hacmhainní a úsáideadh ar an scéim, arbh ionann iad agus an costas ar 37 uair sa bhliain do gach múinteoir atá fostaithe ag an Roinn. Dhírigh an scrúdú ar an gComhlíonadh Conarthaí Fostaíochta in Institiúidí Teicneolaíochta ar na córais agus na nósanna imeachta i bhfeidhm in Institiúidí Teicneolaíochta i leith bainistíocht foirne chun a chinntiú go gcloítear le téarmaí a gconarthaí fostaíochta agus go soláthraítear na seirbhísí a n-íoctar astu. Dhírigh an scrúdú ar an gCoimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú ar thráthúlacht agus chostas a chuid imscrúduithe.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 66 – Fógraíocht agus Cur Chun Cinn in FÁS Adobe PDF format document

    Published on 10 September 2009

    Feidhmíonn FÁS faoi choimirce na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus tá feidhmeanna aige i ndáil le hoiliúint na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine dífhostaithe, le huasoiliúint na ndaoine fostaithe agus le riarachán na bprintíseachtaí. Bhreathnaigh an scrúdú seo ar chaiteachas fógraíochta agus cur chun cinn in FÁS sa tréimhse 2002-2008. Scrúdaigh sé an rialú buiséadach ar chaiteachas fógraíochta agus cur chun cinn, ar an straitéis ghinearálta faoinar caitheadh é agus ar an méid ar a ndearnadh a éifeachtúlacht a mheas. Rinne an scrúdú athbhreithniú ar sholáthar na fógraíochta agus na seirbhísí lena mbaineann.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 65: Seirbhísí Uisce agus Soláthar Tithíochta Incheannaithe Adobe PDF format document

    Published on 24 July 2009

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúduithe ar dhá réimse freagrachta ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil – Seirbhísí Uisce agus Soláthar Tithíochta Incheannaithe. Rinne an scrúdú ar Sheirbhísí Uisce breithniú ar an méid ar a raibh an infheistíocht arna cur ar fáil ag an Stát ina cúis le híoschaighdeáin oiriúnacha lena chaitheamh ag an duine á gcomhlíonadh ag caighdeán an uisce óil in Éirinn, faoi mar atá leagtha amach i reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an AE. Rinne an scrúdú ar Sholáthar Tithíochta Incheannaithe athbhreithniú ar bhaint amach na spriocanna foriomlána faoin Tionscnamh Tithíochta Incheannaithe agus ar an bpáirt a bhí ag an gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe sa tionscnamh. Mheas sé freisin na fadhbanna a tháinig chun cinn sa soláthar tithíochta incheannaithe i ndálaí eacnamaíocha a bhí ag athrú.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 64: Cóireáil agus Athshlánú um Andúil i nDrugaí Adobe PDF format document

    Published on 05 June 2009

    Cuirtear seirbhísí cóireála agus athshlánaithe um andúil i ndrugaí ar fáil trí raon leathan gníomhaireachtaí maoinithe ag an bpobal i suíomhanna éagsúla, lena n-áirítear clinicí cóireála drugaí faoi mhaoirseacht dochtúirí ginearálta pobail agus cógaiseoirí agus i bpríosúin. Bhreathnaigh an scrúdú seo ar gach ceann de na príomhsheirbhísí cóireála agus athshlánaithe maoinithe ag an bpobal arna gcur ar fáil do dhaoine a bhfuil andúil acu i ndrugaí mídhleathacha. Bhreathnaigh sé ar an méid ar a gcomhlíontar an t-éileamh ar sheirbhísí cóireála agus athshlánaithe agus ar thráthúlacht na rochtana ar chóireáil. Bhreathnaigh sé freisin ar an méid ar a ndéantar éifeachtacht na seirbhísí cóireála agus athshlánaithe a mheas, ar éifeachtacht na socruithe le haghaidh cóireáil agus athshlánú a chomhordú ag leibhéal cáis aonair agus ag leibhéal náisiúnta.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 63: Binsí Fiosrúcháin Adobe PDF format document

    Published on 12 February 2009

    Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar Bhinsí Fiosrúcháin. Rinne an scrúdú athbhreithniú ar amscála, chostas agus éifeachtúlacht trí bhinse mhóra atá ag druidim lena gcur i gcrích. Ba iad na binsí a scrúdaíodh Binse Mahon, Binse Morris agus Binse Moriarty.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 62: Ard-Mhúsaem na hÉireann Adobe PDF format document

    Published on 13 March 2008

    Déantar athbhreithniú sa tuarascáil ar leith seo ar an dóigh a mbainistíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann an bailiúchán náisiúnta de thart ar 4 mhilliún mír oidhreachta, go háirithe maidir le doiciméadú na mbailiúchán agus an rochtain ag an bpobal agus taighdeoirí orthu. Scrúdaítear inti freisin na socruithe le haghaidh socrú straitéise agus bainistíocht riosca.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 61: Athghiniúint Bhaile Munna Adobe PDF format document

    Published on 03 March 2008

    1997, d'fhaomh an Rialtas togra chun aghaidh a thabhairt ar dhíothacht shóisialta agus gheilleagrach i gceantar Bhaile Munna i mBaile Átha Cliath. Forbraíodh Máistirphlean i gcomhair an chláir athghiniúna i 1998. Déanann an scrúdú athbhreithniú ar an dóigh ar fhorbair an clár ó thaobh ama, costais agus soláthair de. Scrúdaíonn sé freisin an dul chun cinn arna dhéanamh ar athnuachan gheilleagrach agus shóisialta agus na dúshláin atá ann go fóill do chur i gcrích rathúil an chláir athghiniúna.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 60: An Oifig Luachála Adobe PDF format document

    Published on 22 February 2008

    Cuireann an Oifig Luachála seirbhís luachála maoine ar fáil d'íocóirí rátaí agus d'údaráis rátaíochta. Cuireann sí seirbhís luachála maoine neamhreachtúil ar fáil do ranna rialtais agus do chomhlachtaí poiblí. Thug reachtaíocht a achtaíodh i 2011 an fhreagracht di as gach maoin tráchtála agus thionsclaíoch sa Stát a athluacháil. Déantar scrúdú i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na nithe seo a leanas: na socruithe le haghaidh seirbhísí luachála a chur ar fáil d'údaráis rátaíochta agus do chomhlachtaí poiblí; dul chun cinn ar chur chun feidhme an chláir athluachála; conas a bhainistítear feidhmíocht fhoriomlán.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 59: Córais Bhainistíochta Faisnéise in Earnáil na nInstitiúidí Teicneolaíochta Adobe PDF format document

    Published on 18 December 2007

    Scrúdaítear tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chur chun feidhme na gcóras bainistíochta faisnéise sna hInstitiúidí Teicneolaíochta cé chomh maith is a láimhseáladh bainistíocht an tsoláthair chóras agus na conraitheoireachta lena mbaineann; cé chomh maith is a cuireadh an tionscadal cur chun feidhme i gcrích; ar baineadh, nó nár baineadh, cuspóirí an tionscadail amach agus méid shásamh an úsáideora leis na córais arna gcur chun feidhme

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 58: R-Rialtas Adobe PDF format document

    Published on 07 January 2008

    Tagraíonn an téarma 'R-Rialtas' don soláthar seirbhísí poiblí trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), agus as an idirlíon go háirithe. Cuireann soláthar seirbhísí ar líne ar chumas ball den phobal gnó a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí poiblí am ar bith. Tugann sé deiseanna do na soláthraithe seirbhísí iad féin freisin éifeachtúlacht a mhéadú ach a bpróisis ghnó a athchóiriú chun éifeachta. Leagann dhá phlean gníomhaíochta an Rialtais, a lainseáladh i 1999 agus i 2002, sraith gníomhaíochtaí agus tionscnamh amach atá deartha chun úsáid a bhaint as na tairbhí féideartha a bhaineann le R-Rialtas. Rinneadh an scrúdú seo chun an méid a aimsiú ar a bhfuil ranna rialtais agus gníomhaireachtaí rialtais ag cur faisnéise agus seirbhísí ar fáil ar líne agus ar a bhfuil siad ag úsáid teicneolaíocht idirlíon-bhunaithe lena n-éifeachtúlacht a fheabhsú. Scrúdaíodh feidhmíocht na hÉireann i gcomparáid le tíortha eile. Scrúdaíodh an fhorbairt arna déanamh ag Reach (ar aonad den Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh é) ar Bhróicéir Seirbhísí Poiblí ar líne freisin.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil Ar Leith 57: An Rialtóir Airgeadais Adobe PDF format document

    Published on 27 July 2007

    D'fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuarascáil ar scrúdú luach ar airgead ar an Rialtóir Airgeadais. Déanann an Rialtóir Airgeadais maoirseacht ar rialáil thromlach na bhfoirmeacha de sholáthar seirbhísí poiblí in Éirinn. Tá dhá chuid dá shainordú: sainordú stuamachta, faoina bhfuil sé mar aidhm aige institiúidí airgeadais fónta fuinniúla a chothú in Éirinn: agus sainordú tomhaltóirí, faoina bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le tomhaltóirí cinntí airgeadais eolasacha a dhéanamh i margadh sábháilte cothrom. Mhéadaigh costas oibriúcháin an Rialtóra Airgeadais ó €35 milliún i 2004 go pas beag níos lú ná €46 milliún i 2006, arbh ionann é agus méadú 30% thar dhá bhliain. Bhreathnaigh scrúdú an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na nithe seo a leanas ·an dóigh a socraíonn an Rialtóir Airgeadais caighdeáin agus a soláthraíonn sé treoir do sholáthraithe seirbhísí airgeadais, go háirithe maidir le fógairt bhearta margaidh aonair an AE ·bearta oibriúcháin a rinne an Rialtóir Airgeadais chun monatóireacht a dhéanamh ar mar a chomhlíon soláthraithe seirbhísí airgeadais caighdeáin

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 56: Feidhmíocht a Fheabhsú- Cás-Staidéir Seirbhíse Poiblí Adobe PDF format document

    Published on 19 June 2007

    Scrúdaítear sa tuarascáil ar leith seo conas a thug na heagraíochtaí seirbhíse poiblí lena mbaineann aghaidh ar shaincheisteanna feidhmíochta a sainaithníodh i dtuarascálacha ar luach ar airgead a eisíodh idir 1997 agus 2000. Scrúdaítear sa tuarascáil freisin an tionchar a bhí ag nuachóiriú seirbhíse poiblí agus méid an fhoráis ar chórais seachadta sna réimsí a gclúdaíonn na tuarascálacha sin iad. Ina theannta sin, leagtar amach in dhá chaibidil freagairt na Ranna rialtais do thuarascálacha ina ndearnadh athbhreithniú ar thacaíocht chomhairleachta agus oiliúint agus forbairt foirne ar fud na státseirbhíse.

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 55: Conradh Comhairleach Míochaine Adobe PDF format document

    Published on 20 April 2007

    Oibríonn breis agus 2,000 comhairleach míochaine in ospidéil phoiblí agus dheonacha in Éirinn. Tá téarmaí a bhfostaíochta rialaithe ag conradh coiteann a aontaíodh i 1997 agus tá athbhreithniú an chonartha sin mar ábhar idirbheartaíochta idir an Roinn Sláinte agus Leanaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus eagraíochtaí ionadaíochta na gcomhairleach míochaine. Rinne an scrúdú athbhreithniú ar an méid ar ar chuir bainisteoireachtaí ospidéil forálacha an chonartha choitinn chun feidhme in earnáil na n-ospidéal géarmhíochaine.

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 54: Tionscnaimh Mhíbhuntáiste Oideachais san earnáil Bunscoile Adobe PDF format document

    Published on 06 September 2006

    Tagann míbhuntáiste oideachais aníos i gcás bacainní ar oideachas a thagann as míbhuntáiste sóisialta nó geilleagrach a chuireann cosc ar dhaltaí tairbhe iomchuí a bhaint as oideachas i scoileanna. Sa scoilbhliain 2003/2004, cuireadh €61.8m ar fáil faoi cheithre phríomhthionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais. Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ina ndearnadh athbhreithniú ar an spriocdhíriú acmhainní breise, inar sainaithníodh na hidirghabhálacha atá i bhfeidhm faoi láthair trí dheiseanna le haghaidh cleachtas níos fearr a lua agus inar scrúdaíodh na socruithe i bhfeidhm chun éifeachtacht na dtionscnamh a mheas.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 53: Liúntais Chíosa Adobe PDF format document

    Published on 22 May 2006

    Íoctar liúntais chíosa le daoine a chónaíonn i gcóiríocht phríobháideach ar cíos a bhfuil deacracht acu a n-íocaíochtaí cíosa a chomhlíonadh. Braitheann formhór na ndaoine a fhaigheann an liúntas cíosa ar íocaíochtaí leasa mar phríomhfhoinse ioncaim. Mhéadaigh caiteachas bliantúil ar liúntais chíosa ó thart ar €150 milliún i 2000 go thart ar €369 milliún i 2005. Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú inar sainaithníodh na tosca a raibh ina gcúis leis an méadú mear ar chaiteachas, ina ndearnadh athbhreithniú ar cé chomh maith is a bhainistítear an scéim agus ina ndearnadh breithniú ar a treo sa todhchaí.

    [view Press Release]

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 52: Cur ar fáil Seirbhísí Míchumais ag Eagraíochtaí Neamhbhrabúis Adobe PDF format document

    Published on 15 March 2006

    Cuirtear i láthair sa tuarascáil na torthaí ó scrúdú ar luach ar airgead maidir leis na socruithe idir an Stát agus an earnáil neamhbhrabúis le haghaidh cur ar fáil seirbhísí míchumais, go háirithe mar go mbíonn feidhm acu maidir leis na heagraíochtaí neamhbhrabúis is mó. Chuir an Stát €877m ar fáil d'eagraíochtaí neamhbhrabúis i gcomhair na seirbhísí seo i 2004. Breathnaíodh sa scrúdú ar an dóigh a gcinntear an gá le seirbhísí míchumais agus a bhfreagraítear dó, ar an gcreat seirbhísí ina soláthraíonn na heagraíochtaí neamhbhrabúis na seirbhísí seo agus ar an dóigh a ndéantar monatóireacht agus measúnú ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil iarbhír. Measadh ann freisin na saincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu i soláthar na seirbhísí amach anseo.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 51: Forbairt ar Chóras Bainistíochta Acmhainní Daonna don tSeirbhís Sláinte (PPARS) Adobe PDF format document

    Published on 14 December 2005

    Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na torthaí ó scrúdú ar luach ar airgead ar an bhforbairt ar chóras bainistíochta acmhainní daonna don tseirbhís sláinte (PPARS). Breathnaíodh sa scrúdú ar tháirgeacht an tionscadail ó thaobh costais, ama agus feidhmiúlachta de. Rinneadh athbhreithniú ann freisin ar an dóigh a ndearnadh an tionscadal a phleanáil agus a rialú, lena n-áirítear leordhóthanacht an bhreithmheasa gnó, ar an dóigh ar láimhseáladh bainistíocht athraithe agus ar na socruithe le haghaidh sholáthar agus bhainistíocht na seirbhísí comhairleachta agus tacaíochta teicniúla agus ar an méid ar a bhfuil tairbhí ionchasacha á mbaint amach

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 50: Díolachán Maoine arna ndéanamh ag Forbairt Shionainne Adobe PDF format document

    Published on 22 November 2005

    Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na torthaí ó scrúdú inar breathnaíodh ar cé acu ar cuireadh, nó nár cuireadh, an diúscairt maoine ag Forbairt Shionainne i gcrích ar na téarmaí ab fhearr a d'fhéadfaí a fháil go réasúnta agus de réir nósanna imeachta poiblí airgeadais. Scrúdaíodh sa tuarascáil freisin nósanna imeachta Fhorbairt Shionainne um dhiúscairt maoine i gcoitinne.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 49: Bainistíocht Dramhaíola in Ospidéil Adobe PDF format document

    Published on 24 June 2005

    Éilíonn dramh-ábhar a d'fhéadfadh a bheith guaiseach a thagann as gníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte – is é sin dramhaíl riosca cúram sláinte – bainistíocht speisialta agus an úsáid socruithe costasacha láimhsithe agus diúscartha le nach mbeidh sé ina chúis le hionfhabhtú nó gortú dóibh siúd a thagann i dteagmháil leis, agus chun drochthionchair ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Táirgeann ospidéil méideanna móra dramhaíola neamhriosca freisin. Féachadh sa scrúdú leis na nithe seo a leanas a shainaithint – leibhéal an aschuir dhramhaíola in ospidéil atá maoinithe ag an bpobal in Éirinn, agus an cineál dramhaíola a tháirgtear – na costais a bhaineann le bailiú, láimhsiú, cóireáil agus diúscairt na dramhaíola sin – dea-chleachtas i mbainistíocht dramhaíola in ospidéil atá maoinithe ag an bpobal. Rinneadh suirbhé ar ospidéil atá maoinithe ag an bpobal chun eolas a thabhairt don scrúdú.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 48: An Treoirthionscadal Comhpháirtíochta Scoileanna Grúpáilte Adobe PDF format document

    Published on 28 September 2004

    D'fhorbair an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, i dteannta Thionscadail Jarvis Teo., comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (PPP) le haghaidh cúig scoil dara leibhéal a thógáil agus le haghaidh fhoirgnimh na scoileanna a chothabháil agus a reáchtáil thar thréimhse chonartha 25 bliain. Cuirtear i láthair sa tuarascáil na torthaí ó scrúdú inar breathnaíodh ar an dóigh ar bhainistigh an Roinn an tionscadal, agus ar an dóigh a ndearna sí measúnú ar na tograí arna bhfáil ó chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a d'fhéadfadh a bheith ann agus ar an luach ar airgead arna thairiscint ag an mbeart comhaontaithe deireanach. Breathnaíodh ann freisin ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscadal maidir leis an soláthar amach anseo scoileanna dara leibhéal agus tionscadal eile PPP araon.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 47: Bailiú Tháillí na gCeadúnas Teilifíse Adobe PDF format document

    Published on 29 April 2004

    Tá an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha freagrach as socruithe a chur i bhfeidhm chun táillí le haghaidh ceadúnas teilifíse a bhailiú. Gníomhaíonn An Post (an chuideachta phoist ar leis an Stát í) mar an gníomhaire le haghaidh díolachán na gceadúnas agus an gníomhaire a théann sa tóir orthu siúd a bhíonn ag seachaint dualgais íoctha tháille an cheadúnais. Tugtar sa tuarascáil torthaí scrúdaithe a rinneadh ar an mbealach a bhainistíonn an Roinn an próiseas bailiúcháin táillí agus ar shocrú na gníomhaireachta lena héifeachtacht a chinntiú. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta bailiúcháin a ndeachaigh An Post leo.

    [view Press Release]

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 46: An tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa Adobe PDF format document

    Published on 26 April 2004

    Déanann an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa maoirseacht ar chiontóirí atá faoi smachtbhannaí pobalbhunaithe; soláthraíonn sé tuarascálacha do bhreithiúna chun cabhrú leo cinntí a dhéanamh maidir le pianbhreitheanna; agus bíonn lucht na Seirbhíse i mbun oibre le príosúnaigh a athshlánú agus a ath-imeascadh. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a thug an tSeirbhís aghaidh ar na héilimh dá gcuid aschur agus ar éifeachtúlacht a cuid oibriúchán. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar a fheabhas is a dhéanann an tSeirbhís meastóireacht ar éifeachtacht a cuid oibriúchán.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 45: Meastóireacht ar Nósanna Imeachta um Rialú Adobe PDF format document

    Published on 26 February 2004

    Cuireann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nósanna imeachta um rialú i ngníomh arna ndearadh chun calaois agus earráidí in íocaíochtaí tacaíochta ioncaim a bhrath, agus chun teacht roimh chásanna dá leithéid a bheith ag teacht chun cinn. Chomh maith leis sin, déanann an Roinn iarracht ró-íocaíochtaí a aisghabháil agus iad siúd a dhéanann calaois a ionchúiseamh. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a mhéid is a threoraíonn measúnacht ar an riosca calaoise agus earráide a ghabhann leis na scéimeanna leasa difriúla gníomhaíocht athbhreithnithe agus rialaithe. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar éifeachtacht na Roinne ó thaobh ró-íocaíochtaí a aisghabháil agus a chosc, agus ar an mbealach a dhéanann sí meastóireacht ar a feidhmíocht maidir leis an gcúram sin.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 44: Tionscnamh um Liostaí Feithimh Adobe PDF format document

    Published on 26 November 2003

    Thug an Roinn Sláinte agus Leanaí an Tionscnamh um Liostaí Feithimh (TLF) isteach chun déileáil leis an bhfadhb ó thaobh líontaí suntasacha d'othair a bhíonn ag fanacht tréimhsí fada le haghaidh cóireáil roghnach mar othair chónaitheacha sna hospidéil dianchúraim. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a baineadh úsáid as maoiniúchán an TLF. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar thionchar an TLF ar spriocghrúpa na n-othar atá ag fanacht tréimhsí fada, agus ar an mbealach a rinneadh monatóireacht agus bainistiú ar am feithimh agus ar liostaí feithimh.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 43: An tSeirbhís um Chothabháil Foirgneamh Adobe PDF format document

    Published on 18 February 2003

    Cuireann Seirbhís um Chothabháil Foirgneamh (SCF) Oifig na nOibreacha Poiblí obair chothabhála ginearálta agus sainobair athchóiriúcháin agus deisiúcháin i ngníomh ar mhaoin Stáit. Thug an ráiteas airgeadais maidir le feidhmiú na SCF le fios gur tharraing an SCF caillteanas suntasach uirthi féin agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí i 2000. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar bhainistiú agus ar fheidhmiú na SCF, chun na cúiseanna leis an gcaillteanas a tuairiscíodh a dhéanamh amach.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 42: Páirceáil na gCarr ag Ospidéal Beaumont Adobe PDF format document

    Published on 25 February 2003

    Rinne Ospidéal Beaumont socrú le cuibhreannas san earnáil phríobháideach go dtógfaí agus go bhfeidhmeofaí clós páirceála ilstóir ar champas an ospidéil. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an socrú a bhí i gceist leis an gclós páirceála a fháil agus ar na córais agus ar na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na socruithe ó thaobh dhearcthaí an ospidéil agus an cháiníocóra.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 41: Achomhairc Phleanála Adobe PDF format document

    Published on 11 July 2002

    Bíonn an phleanáil spásúil á rialú ag údaráis phleanála áitiúla ar féidir a gcuid cinntí a achomharc chuig gníomhaireacht náisiúnta – An Bord Pleanála. Is éard a bhíonn i gceist le hachomhairc ná athscrúdú iomlán, a dhéanann an Bord ar an iarratas ar chead pleanála. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar a fheabhas is a bhainistíonn an Bord an córas achomhairc. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an mbealach a dhéanann an Bord agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil meastóireacht ar éifeachtacht an chórais achomhairc.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 40: Ceannach Bonn ag an nGarda Síochána Adobe PDF format document

    Published on 22 November 2001

    Tá freagracht fhoriomlán ar Rannóg Iompair an Gharda Síochána (an Péas) as cabhlach feithiclí an Gharda Síochána a bhainistiú agus a chothabháil. Líomhnaíodh i dtuairiscí nuachtán gur cuireadh siamsaíocht ar fáil do bhaill shinsearacha den Rannóg Iompair a bhain le cúram cheannach na mbonn don chabhlach agus iad ar thurais áineasa thar sáile, siamsaíocht ar íoc príomhsholáthraí na mbonn don fhórsa aisti. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar fiosraíodh an raibh caillteanas coigilteachta ann ó thaobh na boinn a cheannaigh an Garda Síochána. Scrúdaíodh sa tuarascáil freisin na nósanna imeachta tairisceana, fála agus íocaíochta le haghaidh bonn don Gharda Síochána, le déanamh amach an raibh siad ag teacht leis an scothchleachtas.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 39: Tionscnamh um Athbhreithniú ar Chaiteachas Adobe PDF format document

    Published on 30 January 2002

    Bhunaigh an Roinn Airgeadais an Tionscnamh um Athbhreithniú ar Chaiteachas (TAC) leis an gcuspóir go gcinnteofaí go ndéanfaí athbhreithniú ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht gach caiteachas rialtais thar thréimhse trí bliana. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar aithníodh agus lena ndearnadh meastóireacht ar a mhéid is a bhain an TAC a chuid cuspóirí amach. Scrúdaíodh leis an tuarascáil a chuimsithí is a bhí na hathbhreithnithe ar chaiteachas, agus cé acu ar cuireadh i ngníomh go maith iad nó a mhalairt. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar na socruithe a cuireadh i bhfeidhm chun an TAC a bhainistiú.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 38: Oiliúint agus Forbairt Státseirbhíse Adobe PDF format document

    Published on 06 April 2001

    Bíonn ranna Rialtais freagrach go ginearálta as riachtanais oiliúna a bhfoirne a chomhlíonadh. Lena chois sin, soláthraíonn an Roinn Airgeadais tacaíocht chorparáideach feadh na státseirbhíse le haghaidh bainisteoirí a oiliúint agus a fhorbairt. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar ghníomhaíocht oiliúna agus fhorbartha feadh na státseirbhíse agus ar an mbealach go bhféadfaí í a fheabhsú ó thaobh mar a eagraítear agus a bhainistítear í agus ó thaobh a éifeachtaí is a bhíonn an ghníomhaíocht sin ar an iomlán.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 37: Bailiú Fíneálacha Adobe PDF format document

    Published on 03 April 2001

    Spréitear freagracht as na céimeanna difriúla sa phróiseas fíneála a bhainistiú feadh roinnt gníomhaireachtaí, ach is faoi chúram an Gharda Síochána (an Péas) agus Sheirbhís na gCúirteanna a thagann sé go príomha. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a fheidhmíonn an córas fíneála i ndáil le cáis faoi chuimsiú dhlínse na Cúirte Dúiche. Go háirithe, breathnaíodh sa tuarascáil ar a fheabhas is atá ag éirí leis an gcóras fíneálacha ó thaobh a bheith ag cinntiú go bhforfheidhmítear agus go mbailítear pionóis airgid agus ar a fheabhas is a bhainistíonn an Garda Síochána agus an tSeirbhís Chúirteanna na próisis éagsúla sa chóras

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 36: Cúnamh Speisialta Tithíochta do Dhaoine Scothaosta Adobe PDF format document

    Published on 15 February 2001

    Feidhmíonn an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil scéim dheontas a bhfuil sé d'aidhm léi coinníollacha maireachtála daoine scothaosta a fheabhsú - na daoine scothaosta sin a chónaíonn i gcóiríocht mhíshláintíoch nó mhí-oiriúnach, ach nach bhfuil sé d'acmhainn airgid acu íoc as oibreacha feabhais, ná an cumas acu na hoibreacha sin a shocrú. Feidhmíonn na Boird Sláinte an scéim ar leibhéal áitiúil thar ceann na Roinne. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar measúnaíodh conas a fhorfheidhmítear an scéim. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an mbealach a thomhaiseann na gníomhaireachtaí forfheidhmithe tionchar na scéime orthu siúd atá i ngátar, agus ar an gcóras agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht fhoriomlán na scéime.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 35: Met Éireann (Seirbhísí Meitéareolaíochta na hÉireann) Adobe PDF format document

    Published on 03 October 2000

    Soláthraíonn Met Éireann (Seirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann) réamhaisnéisí ar an aimsir agus seirbhísí aeráideolaíochta agus meitéareolaíochta a bhaineann leis sin. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an mbealach a thomhaiseann agus a dtugann Met Éireann tuairisc ar a fheidhmíocht, lena n-áirítear cruinneas a réamhaisnéisnithe ar an aimsir. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar na socruithe atá ann idir Met Éireann agus a mháthair-Roinne le haghaidh feidhmíocht na Seirbhíse a bhainistiú.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 34: Rialú Airgeadais an Bhainc Cheannais Adobe PDF format document

    Published on 01 December 1999

    Tá freagracht ar an mBanc Ceannais as institiúidí creidmheasa agus infheistíochta a rialú. Áirítear an méid seo a leanas leis an obair rialúcháin: institiúidí a cheadúnú chun feidhmiú in Éirinn, monatóireacht ar fhaisnéis airgeadais faoi institiúidí agus cigireachtaí ar an láthair ar cháipéisíocht agus ar shocruithe um rialú inmheánach. Cuimsíonn an obair athbhreithniú ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí chun cur i gcoinne sciúradh airgid freisin. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an mbealach a dhéanann an Banc Ceannais éifeachtacht a fheidhme rialúcháin amach.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 33: An tSeirbhís um Thástáil Tiománaithe Adobe PDF format document

    Published on 11 May 2000

    Tá an tSeirbhís um Thástáil Tiománaithe freagrach as inniúlacht tiománaithe a thástáil chun críocha ceadúnúcháin. Cuirtear tástálacha tiomána i ngníomh ag ionaid tástála atá lonnaithe ar fud na tíre. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar an mbealach a chinntíonn an tSeirbhís go gcuirtear tástálacha tiomána i ngníomh chun comhchaighdeáin agus ar an méid ama a bhíonn ar iarrthóirí fanacht le go soláthrófaí tástáil. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar na costais a bhaineann leis na tástálacha a sholáthar.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 32: Tionchar Scrúduithe ar Luach ar Airgead 1994-1996 Adobe PDF format document

    Published on 01 February 2000

    Táirgeadh an chéad sé Thuarascáil déag ar Luach ar Airgead (LAA) sa tréimhse idir 1994-1996. Chlúdaigh na tuarascálacha raon leathan saincheisteanna a phléigh le cúrsaí coigilteachta, cúrsaí éifeachtúlachta, le mar a bainistíodh tionscadail agus le mar a measúnaíodh éifeachtacht. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe a cuireadh i ngníomh i 1999 le leanúint ar aghaidh leis an obair a rinneadh roimhe agus a raibh sé d'aidhm leis a dhéanamh amach cén tionchar a thit amach de thoradh na dtuarascálacha arna dtáirgeadh sa tréimhse 1994 –1996.

    [view summary document]

    [view more...]

  • Tuarascáil LAA 31: Tionscnaimh Forbartha Áitiúla Adobe PDF format document

    Published on 08 February 2000

    Bunaíodh roinnt tionscnaimh agus gníomhaireachtaí leithleacha chun forbairt áitiúil agus phobail a chur chun cinn, lenar áiríodh Boird Fiontar Contae, comhpháirtíochtaí ceantarbhunaithe agus grúpaí LEADER. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar shaincheisteanna sonracha a bhain le héifeachtúlacht na dtionscnamh ó thaobh mar a riaradh agus a feidhmíodh iad, ar na socruithe le haghaidh comhoibre idir na comhlachtaí agus ar roinnt cur chuige i leith meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dtionscnamh.

    [view summary document]

    [view more...]

Page 1 | 2 next page