Tuarascála VFM

Taifeadtar i dTuarascálacha ar Luach ar Airgead torthaí scrúduithe ar (a) a choigiltí agus a éifeachtúla is a fhaigheann, a úsáideann agus a dhiúscraíonn comhlachtaí Stáit acmhainní (b) torthaí scrúduithe ar na córais, nósanna imeachta agus cleachtais arna n-úsáid ag comhlachtaí Stáit chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí is bhíonn a gcuid oibriúchán.
  • Tuarascáil LAA 49: Bainistíocht Dramhaíola in Ospidéil Adobe PDF format document

    Published on 24 June 2005

    Éilíonn dramh-ábhar a d'fhéadfadh a bheith guaiseach a thagann as gníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte – is é sin dramhaíl riosca cúram sláinte – bainistíocht speisialta agus an úsáid socruithe costasacha láimhsithe agus diúscartha le nach mbeidh sé ina chúis le hionfhabhtú nó gortú dóibh siúd a thagann i dteagmháil leis, agus chun drochthionchair ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Táirgeann ospidéil méideanna móra dramhaíola neamhriosca freisin. Féachadh sa scrúdú leis na nithe seo a leanas a shainaithint – leibhéal an aschuir dhramhaíola in ospidéil atá maoinithe ag an bpobal in Éirinn, agus an cineál dramhaíola a tháirgtear – na costais a bhaineann le bailiú, láimhsiú, cóireáil agus diúscairt na dramhaíola sin – dea-chleachtas i mbainistíocht dramhaíola in ospidéil atá maoinithe ag an bpobal. Rinneadh suirbhé ar ospidéil atá maoinithe ag an bpobal chun eolas a thabhairt don scrúdú.

    [view Report]

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 48: An Treoirthionscadal Comhpháirtíochta Scoileanna Grúpáilte Adobe PDF format document

    Published on 28 September 2004

    D'fhorbair an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, i dteannta Thionscadail Jarvis Teo., comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (PPP) le haghaidh cúig scoil dara leibhéal a thógáil agus le haghaidh fhoirgnimh na scoileanna a chothabháil agus a reáchtáil thar thréimhse chonartha 25 bliain. Cuirtear i láthair sa tuarascáil na torthaí ó scrúdú inar breathnaíodh ar an dóigh ar bhainistigh an Roinn an tionscadal, agus ar an dóigh a ndearna sí measúnú ar na tograí arna bhfáil ó chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a d'fhéadfadh a bheith ann agus ar an luach ar airgead arna thairiscint ag an mbeart comhaontaithe deireanach. Breathnaíodh ann freisin ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscadal maidir leis an soláthar amach anseo scoileanna dara leibhéal agus tionscadal eile PPP araon.

    [view Report]

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 47: Bailiú Tháillí na gCeadúnas Teilifíse Adobe PDF format document

    Published on 29 April 2004

    Tá an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha freagrach as socruithe a chur i bhfeidhm chun táillí le haghaidh ceadúnas teilifíse a bhailiú. Gníomhaíonn An Post (an chuideachta phoist ar leis an Stát í) mar an gníomhaire le haghaidh díolachán na gceadúnas agus an gníomhaire a théann sa tóir orthu siúd a bhíonn ag seachaint dualgais íoctha tháille an cheadúnais. Tugtar sa tuarascáil torthaí scrúdaithe a rinneadh ar an mbealach a bhainistíonn an Roinn an próiseas bailiúcháin táillí agus ar shocrú na gníomhaireachta lena héifeachtacht a chinntiú. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta bailiúcháin a ndeachaigh An Post leo.

    [view Press Release]

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 46: An tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa Adobe PDF format document

    Published on 26 April 2004

    Déanann an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa maoirseacht ar chiontóirí atá faoi smachtbhannaí pobalbhunaithe; soláthraíonn sé tuarascálacha do bhreithiúna chun cabhrú leo cinntí a dhéanamh maidir le pianbhreitheanna; agus bíonn lucht na Seirbhíse i mbun oibre le príosúnaigh a athshlánú agus a ath-imeascadh. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a thug an tSeirbhís aghaidh ar na héilimh dá gcuid aschur agus ar éifeachtúlacht a cuid oibriúchán. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar a fheabhas is a dhéanann an tSeirbhís meastóireacht ar éifeachtacht a cuid oibriúchán.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 45: Meastóireacht ar Nósanna Imeachta um Rialú Adobe PDF format document

    Published on 26 February 2004

    Cuireann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nósanna imeachta um rialú i ngníomh arna ndearadh chun calaois agus earráidí in íocaíochtaí tacaíochta ioncaim a bhrath, agus chun teacht roimh chásanna dá leithéid a bheith ag teacht chun cinn. Chomh maith leis sin, déanann an Roinn iarracht ró-íocaíochtaí a aisghabháil agus iad siúd a dhéanann calaois a ionchúiseamh. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a mhéid is a threoraíonn measúnacht ar an riosca calaoise agus earráide a ghabhann leis na scéimeanna leasa difriúla gníomhaíocht athbhreithnithe agus rialaithe. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar éifeachtacht na Roinne ó thaobh ró-íocaíochtaí a aisghabháil agus a chosc, agus ar an mbealach a dhéanann sí meastóireacht ar a feidhmíocht maidir leis an gcúram sin.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 44: Tionscnamh um Liostaí Feithimh Adobe PDF format document

    Published on 26 November 2003

    Thug an Roinn Sláinte agus Leanaí an Tionscnamh um Liostaí Feithimh (TLF) isteach chun déileáil leis an bhfadhb ó thaobh líontaí suntasacha d'othair a bhíonn ag fanacht tréimhsí fada le haghaidh cóireáil roghnach mar othair chónaitheacha sna hospidéil dianchúraim. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a baineadh úsáid as maoiniúchán an TLF. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar thionchar an TLF ar spriocghrúpa na n-othar atá ag fanacht tréimhsí fada, agus ar an mbealach a rinneadh monatóireacht agus bainistiú ar am feithimh agus ar liostaí feithimh.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 43: An tSeirbhís um Chothabháil Foirgneamh Adobe PDF format document

    Published on 18 February 2003

    Cuireann Seirbhís um Chothabháil Foirgneamh (SCF) Oifig na nOibreacha Poiblí obair chothabhála ginearálta agus sainobair athchóiriúcháin agus deisiúcháin i ngníomh ar mhaoin Stáit. Thug an ráiteas airgeadais maidir le feidhmiú na SCF le fios gur tharraing an SCF caillteanas suntasach uirthi féin agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí i 2000. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar bhainistiú agus ar fheidhmiú na SCF, chun na cúiseanna leis an gcaillteanas a tuairiscíodh a dhéanamh amach.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 42: Páirceáil na gCarr ag Ospidéal Beaumont Adobe PDF format document

    Published on 25 February 2003

    Rinne Ospidéal Beaumont socrú le cuibhreannas san earnáil phríobháideach go dtógfaí agus go bhfeidhmeofaí clós páirceála ilstóir ar champas an ospidéil. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an socrú a bhí i gceist leis an gclós páirceála a fháil agus ar na córais agus ar na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na socruithe ó thaobh dhearcthaí an ospidéil agus an cháiníocóra.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 41: Achomhairc Phleanála Adobe PDF format document

    Published on 11 July 2002

    Bíonn an phleanáil spásúil á rialú ag údaráis phleanála áitiúla ar féidir a gcuid cinntí a achomharc chuig gníomhaireacht náisiúnta – An Bord Pleanála. Is éard a bhíonn i gceist le hachomhairc ná athscrúdú iomlán, a dhéanann an Bord ar an iarratas ar chead pleanála. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar a fheabhas is a bhainistíonn an Bord an córas achomhairc. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an mbealach a dhéanann an Bord agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil meastóireacht ar éifeachtacht an chórais achomhairc.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 40: Ceannach Bonn ag an nGarda Síochána Adobe PDF format document

    Published on 22 November 2001

    Tá freagracht fhoriomlán ar Rannóg Iompair an Gharda Síochána (an Péas) as cabhlach feithiclí an Gharda Síochána a bhainistiú agus a chothabháil. Líomhnaíodh i dtuairiscí nuachtán gur cuireadh siamsaíocht ar fáil do bhaill shinsearacha den Rannóg Iompair a bhain le cúram cheannach na mbonn don chabhlach agus iad ar thurais áineasa thar sáile, siamsaíocht ar íoc príomhsholáthraí na mbonn don fhórsa aisti. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar fiosraíodh an raibh caillteanas coigilteachta ann ó thaobh na boinn a cheannaigh an Garda Síochána. Scrúdaíodh sa tuarascáil freisin na nósanna imeachta tairisceana, fála agus íocaíochta le haghaidh bonn don Gharda Síochána, le déanamh amach an raibh siad ag teacht leis an scothchleachtas.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 39: Tionscnamh um Athbhreithniú ar Chaiteachas Adobe PDF format document

    Published on 30 January 2002

    Bhunaigh an Roinn Airgeadais an Tionscnamh um Athbhreithniú ar Chaiteachas (TAC) leis an gcuspóir go gcinnteofaí go ndéanfaí athbhreithniú ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht gach caiteachas rialtais thar thréimhse trí bliana. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar aithníodh agus lena ndearnadh meastóireacht ar a mhéid is a bhain an TAC a chuid cuspóirí amach. Scrúdaíodh leis an tuarascáil a chuimsithí is a bhí na hathbhreithnithe ar chaiteachas, agus cé acu ar cuireadh i ngníomh go maith iad nó a mhalairt. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar na socruithe a cuireadh i bhfeidhm chun an TAC a bhainistiú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 38: Oiliúint agus Forbairt Státseirbhíse Adobe PDF format document

    Published on 06 April 2001

    Bíonn ranna Rialtais freagrach go ginearálta as riachtanais oiliúna a bhfoirne a chomhlíonadh. Lena chois sin, soláthraíonn an Roinn Airgeadais tacaíocht chorparáideach feadh na státseirbhíse le haghaidh bainisteoirí a oiliúint agus a fhorbairt. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar ghníomhaíocht oiliúna agus fhorbartha feadh na státseirbhíse agus ar an mbealach go bhféadfaí í a fheabhsú ó thaobh mar a eagraítear agus a bhainistítear í agus ó thaobh a éifeachtaí is a bhíonn an ghníomhaíocht sin ar an iomlán.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 37: Bailiú Fíneálacha Adobe PDF format document

    Published on 03 April 2001

    Spréitear freagracht as na céimeanna difriúla sa phróiseas fíneála a bhainistiú feadh roinnt gníomhaireachtaí, ach is faoi chúram an Gharda Síochána (an Péas) agus Sheirbhís na gCúirteanna a thagann sé go príomha. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a fheidhmíonn an córas fíneála i ndáil le cáis faoi chuimsiú dhlínse na Cúirte Dúiche. Go háirithe, breathnaíodh sa tuarascáil ar a fheabhas is atá ag éirí leis an gcóras fíneálacha ó thaobh a bheith ag cinntiú go bhforfheidhmítear agus go mbailítear pionóis airgid agus ar a fheabhas is a bhainistíonn an Garda Síochána agus an tSeirbhís Chúirteanna na próisis éagsúla sa chóras

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 36: Cúnamh Speisialta Tithíochta do Dhaoine Scothaosta Adobe PDF format document

    Published on 15 February 2001

    Feidhmíonn an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil scéim dheontas a bhfuil sé d'aidhm léi coinníollacha maireachtála daoine scothaosta a fheabhsú - na daoine scothaosta sin a chónaíonn i gcóiríocht mhíshláintíoch nó mhí-oiriúnach, ach nach bhfuil sé d'acmhainn airgid acu íoc as oibreacha feabhais, ná an cumas acu na hoibreacha sin a shocrú. Feidhmíonn na Boird Sláinte an scéim ar leibhéal áitiúil thar ceann na Roinne. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar measúnaíodh conas a fhorfheidhmítear an scéim. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an mbealach a thomhaiseann na gníomhaireachtaí forfheidhmithe tionchar na scéime orthu siúd atá i ngátar, agus ar an gcóras agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht fhoriomlán na scéime.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 35: Met Éireann (Seirbhísí Meitéareolaíochta na hÉireann) Adobe PDF format document

    Published on 03 October 2000

    Soláthraíonn Met Éireann (Seirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann) réamhaisnéisí ar an aimsir agus seirbhísí aeráideolaíochta agus meitéareolaíochta a bhaineann leis sin. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an mbealach a thomhaiseann agus a dtugann Met Éireann tuairisc ar a fheidhmíocht, lena n-áirítear cruinneas a réamhaisnéisnithe ar an aimsir. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar na socruithe atá ann idir Met Éireann agus a mháthair-Roinne le haghaidh feidhmíocht na Seirbhíse a bhainistiú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 34: Rialú Airgeadais an Bhainc Cheannais Adobe PDF format document

    Published on 01 December 1999

    Tá freagracht ar an mBanc Ceannais as institiúidí creidmheasa agus infheistíochta a rialú. Áirítear an méid seo a leanas leis an obair rialúcháin: institiúidí a cheadúnú chun feidhmiú in Éirinn, monatóireacht ar fhaisnéis airgeadais faoi institiúidí agus cigireachtaí ar an láthair ar cháipéisíocht agus ar shocruithe um rialú inmheánach. Cuimsíonn an obair athbhreithniú ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí chun cur i gcoinne sciúradh airgid freisin. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an mbealach a dhéanann an Banc Ceannais éifeachtacht a fheidhme rialúcháin amach.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 33: An tSeirbhís um Thástáil Tiománaithe Adobe PDF format document

    Published on 11 May 2000

    Tá an tSeirbhís um Thástáil Tiománaithe freagrach as inniúlacht tiománaithe a thástáil chun críocha ceadúnúcháin. Cuirtear tástálacha tiomána i ngníomh ag ionaid tástála atá lonnaithe ar fud na tíre. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar an mbealach a chinntíonn an tSeirbhís go gcuirtear tástálacha tiomána i ngníomh chun comhchaighdeáin agus ar an méid ama a bhíonn ar iarrthóirí fanacht le go soláthrófaí tástáil. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar na costais a bhaineann leis na tástálacha a sholáthar.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 32: Tionchar Scrúduithe ar Luach ar Airgead 1994-1996 Adobe PDF format document

    Published on 01 February 2000

    Táirgeadh an chéad sé Thuarascáil déag ar Luach ar Airgead (LAA) sa tréimhse idir 1994-1996. Chlúdaigh na tuarascálacha raon leathan saincheisteanna a phléigh le cúrsaí coigilteachta, cúrsaí éifeachtúlachta, le mar a bainistíodh tionscadail agus le mar a measúnaíodh éifeachtacht. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe a cuireadh i ngníomh i 1999 le leanúint ar aghaidh leis an obair a rinneadh roimhe agus a raibh sé d'aidhm leis a dhéanamh amach cén tionchar a thit amach de thoradh na dtuarascálacha arna dtáirgeadh sa tréimhse 1994 –1996.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 31: Tionscnaimh Forbartha Áitiúla Adobe PDF format document

    Published on 08 February 2000

    Bunaíodh roinnt tionscnaimh agus gníomhaireachtaí leithleacha chun forbairt áitiúil agus phobail a chur chun cinn, lenar áiríodh Boird Fiontar Contae, comhpháirtíochtaí ceantarbhunaithe agus grúpaí LEADER. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar shaincheisteanna sonracha a bhain le héifeachtúlacht na dtionscnamh ó thaobh mar a riaradh agus a feidhmíodh iad, ar na socruithe le haghaidh comhoibre idir na comhlachtaí agus ar roinnt cur chuige i leith meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dtionscnamh.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 30: Tomhas na Feidhmíochta in Teagasc (an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia) Adobe PDF format document

    Published on 24 September 1999

    Soláthraíonn Teagasc (an tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia) seirbhísí comhairleacha, taighde, oideachais agus oiliúna don tionscal talmhaíochta agus bia. Tugtar sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar na córais a mbaineann Teagasc úsáid astu chun monatóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht i ngach ceann dá réimsí oibriúcháin.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 29: Forbairt an Ghréasáin Náisiúnta Bhóithre Adobe PDF format document

    Published on 26 May 1999

    Cuireadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (ÚBN) ar bun i 1994 chun soláthar gréasáin shábháilte éifeachtúil de phríomhbhóithre náisiúnta agus bhóithre náisiúnta den dara grád, a dhaingniú. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar na córais atá i bhfeidhm san ÚBN le féachaint an raibh siad leordhóthanach chun a chinntiú go mbaintear úsáid choigilteach, éifeachtúil, éifeachtach as na hacmhainní a soláthraíodh le haghaidh an chláir um fhorbairt bhóithre náisiúnta.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 28: Tionscadail Ghéilliúntais don Bhliain 2000 Adobe PDF format document

    Published on 12 May 1999

    Chaith ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit acmhainní nach beag lena chinntiú nach mbeadh a gcuid oibriúchán gnó thíos le fadhb na Bliana 2000 a bhain le cúrsaí teicneolaíochta faisnéise. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar an mbealach a eagraíodh agus a bainistíodh obair ghéilliúntais don Bhliain 2000 i ranna agus i ngníomhaireachtaí roghnaithe Rialtais.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 27: Maoin na Roinne Cosanta Adobe PDF format document

    Published on 01 April 1999

    Tá punann fhorleathan mhaoine talún agus foirgneamh ag an Roinn Cosanta. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an gcineál, ar an bhfairsinge agus ar chostais oibriúcháin a bhaineann le maoin na Roinne Cosanta agus ar shocruithe reatha le haghaidh an phunann mhaoine a bhainistiú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 26: Úsáid Sirriam agus Aturnaetha i mBailiúchán Cánacha Adobe PDF format document

    Published on 20 April 1999

    Fostaíonn na Coimisinéirí Ioncaim sirriaim agus aturnaetha mar ghníomhairí forfheidhmiúcháin le leanúint le cánacha atá gan íoc, a bhailiú. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar na straitéisí agus ar na targaidí a ndeachaigh na Coimisinéirí Ioncaim leo maidir le cáis ó thaobh cáin a bhí gan íoc, a atreorú chuig an ngníomhaire forfheidhmiúcháin ab fheiliúnaí, agus ar iarrachtaí na ngníomhairí sin leis na suimeanna a bhí le híoc, a aisghabháil.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 25: Riar na nIarratas ar Dheontais Bhisigh agus Cheann Sraithe Adobe PDF format document

    Published on 27 January 1999

    Riarann an Roinn Talmhaíochta agus Bia raon scéimeanna deontais faoina ndéantar íocaíochtaí le feirmeoirí a tháirgeann beostoc agus barra curaíochta áirithe. Soláthraíonn an tAontas Eorpach formhór den mhaoiniúchán le haghaidh na scéimeanna, agus socraíonn sé na rátaí íocaíochta agus na critéir cháilitheachta, agus sonraíonn sé na riailréimeanna riaracháin agus rialaithe a gceanglaítear ar an Roinn a fheidhmiú. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar éifeachtúlacht na Roinne ó thaobh próiseáil na n-iarratas. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht chóras na Roinne le feirmeacha a scrúdú ar an láthair, córas a dearadh chun a dhearbhú go bhfuil iarratais ar dheontais bailí.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 24: Soláthar agus Bainistiú Maoine Tionsclaíche Adobe PDF format document

    Published on 03 November 1998

    Bíonn Gníomhaireacht Forbartha Tionscail Éireann, Forbairt na Sionna agus Údarás na Gaeltachta ag plé leis an bhforbairt thionsclaíoch agus réigiúnach. Áirítear le gníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí maoin thionsclaíoch a sholáthar mar bhealach le fiontair nua ghnó a mhealladh chuig na ceantair as a bhfuil siad freagrach. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar a mhéid is a bhainistíonn na gníomhaireachtaí a gcuid maoine ar bhealach coigilteach éifeachtúil. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar ghnóthaí na ngníomhaireachtaí freisin le féachaint an bhfaightear, an bhforbraítear agus an ndiúscraítear maoin thionsclaíoch ar bhealach coigilteach éifeachtúil.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 23: Riar na Liúntas Forlíontach Leasa Adobe PDF format document

    Published on 02 September 1998

    Scéim leasa atá ina dhídean deiridh is sea scéim na liúntas forlíontach leasa, a sholáthraíonn cúnamh airgeadais agus cúnamh eile d'iarrthóirí ar bhonn riachtanais. Bainistíonn an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an scéim ach riarann seirbhísí leasa pobail na mBord Sláinte go háitiúil í. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a éifeachtúlaí is a riaradh an scéim agus ar an acmhainneacht atá ann leis an tseirbhís a sholáthraítear a fheabhsú. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an mbealach atá athruithe i gcineál agus i bhfairsinge na bochtaineachta ag dul i bhfeidhm ar scóip na scéime

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 22: Comhairliúcháin sa Státseirbhís Adobe PDF format document

    Published on 11 June 1998

    Cé gur tháinig méadú suntasach ar an úsáid a bhain ranna rialtais as comhairliúcháin sheachtracha, bhí an líon faisnéise a bhí ar fáil faoi chineál agus faoi chostas na gcomhairliúchán agus faoi na cúiseanna gur coimisiúnaíodh iad, teoranta. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe a raibh sé de chuspóir leis faisnéis a chruinniú faoi chomhairliúcháin faoinar thug gach roinn rialtais sa tréimhse idir 1994 go dtí 1996. Breathnaíodh sa tuarascáil ar an mbealach a dhéantar amach go bhfuil gá le comhairliúcháin roimh an bpróiseas le seirbhísí sainchomhairleoirí a fhostú, agus ar a mhéid is a fhaightear seirbhísí comhairliúcháin ar an mbealach is coigiltí is féidir. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar a éifeachtúlaí is a bhainistítear comhairliúcháin agus ar an mbealach a mheasúnaítear aschur agus tionchar comhairliúchán.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 21: Bailiú agus Rialú na Cánach Breisluacha Adobe PDF format document

    Published on 30 April 1998

    Tá an Cháin Bhreisluacha (CBL) ina cáin ar an méid a chaitheann tomhaltóirí. Tá na nósanna imeachta bailiúcháin agus rialaithe le haghaidh CBL bunaithe ar fhéinmheasúnacht a dhéanann trádálaithe cláraithe. Tugtar sa tuarascáil torthaí athbhreithnithe ar nósanna imeachta bailiúcháin agus rialaithe CBL, agus aird ar leith á tabhairt ar na torthaí arna mbaint amach de bharr bhainistiú an chórais chlárúcháin agus de bharr oibre ó thaobh CBL a bhailiú, a rialú agus a fhorfheidhmiú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 20: Seirbhísí na nOtharcharr Éigeandála Adobe PDF format document

    Published on 21 April 1998

    Soláthraíonn na Boird Sláinte réigiúnacha seirbhísí otharchairr éigeandála ina réigiúin féin faoi seach. Chomh maith le cúram leighis éigeandála réamhospidéil a sholáthar agus daoine atá go dona tinn agus gortaithe a iompar chuig an ospidéal, baintear úsáid as otharcharranna chun othair a iompar idir ospidéil le haghaidh cóireála práinní nó cóireála pleanáilte agus chun othair a iompar chuig clinicí agus ionaid chúraim lae mar chuid d'obair iompair nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna. Tugadh faoin scrúdú seo lena dhéanamh amach a mhéid is a sholáthraítear seirbhísí otharchairr ar bhealach éifeachtúil coigilteach.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 19: Cleachtais Liachleachtóirí i leith Córacha Leighis a Ordú agus Forbairt Seirbhísí Liachleachtóirí Ginearálta Adobe PDF format document

    Published on 28 January 1998

    Tugann scéim na seirbhísí Leighis Ghinearálta (SLG) ceart do shealbhóirí cártaí leighis, arna dtástáil de réir acmhainne, teacht ar raon cuimsitheach de sheirbhísí sláinte státmhaoinithe. Cuimsíonn sé seo teacht, saor in aisce, ar sheirbhísí liachleachtóirí ginearálta agus ar dhrugaí agus ar chógais arna n-ordú ag na liachleachtóirí sin. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar an gcostéifeachtacht ó thaobh córacha leighis a ordaíonn liachleachtóirí laistigh den scéim SLG, agus ar an scóip atá ann le haghaidh coigilteas. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar a mhéid is atá feabhsuithe pleanáilte sa chleachtadh ginearálta forfheidhmithe.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 18: Bainistiú Iascaireachtaí Intíre Adobe PDF format document

    Published on 13 November 1997

    Tá freagracht ar sheacht mBord Iascaigh Réigiúnacha as na hiascaireachtaí intíre i lochanna agus aibhneacha fionnuisce na hÉireann a bhainistiú, a chaomhnú, a chosaint agus a fhorbairt, agus as gníomhaíochtaí áirithe ar muir. Tá freagracht ar an bPríomh-Bhord Iascaigh as comhordú foriomlán na mBord Réigiúnach, agus as, sa chás gur gá, na Boird sin a stiúradh. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar mar a bhainistítear na hiascaireachtaí intíre, lena n-áirítear mar a bhainistítear an gharbhiascaireacht agus an ghéimiascaireacht agus an tslatiascaireacht mara, ar mar a chosnaítear iascaireachtaí agus ar mar a bhainistítear cáilíocht an uisce in aibhneacha agus lochanna.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 17: Forbairt Chóras Ríomhaire na Scéimeanna Gearrthéarmacha Lánpháirtithe Adobe PDF format document

    Published on 13 May 1997

    D'fhorbair an Roinn Leasa Shóisialaigh córas na Scéimeanna Gearrthéarmacha Lánpháirtithe (SGTL) ionas go mbeadh socruithe ann le haghaidh scéimeanna gearrthéarmacha tacaíochta ioncaim a fheidhmiú agus a riaradh. Tháinig sé in áit roinnt córas scéime a bhí ann cheana féin agus a bhí ag feidhmiú go neamhspleách ar a chéile. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a fheabhas is a pleanáladh is a bainistíodh an tionscadal chun an córas SGTL a fhorbairt. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an úsáid a baineadh as cúnamh comhairliúcháin le haghaidh an tionscadail, ar na costais a tarraingíodh air, ar a éifeachtúlaí is a forfheidhmíodh an córas, agus ar a mhéid is a fíoraíodh na sochair theilgthe.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 16: Draenáil Artaireach Aibhneacha na Búille agus na Buannaide Adobe PDF format document

    Published on 26 June 1997

    Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí mórscéimeanna d'oibreacha draenála i ngníomh ar chórais aibhneacha na Búille agus na Buannaide. Leathnaíodh agus doimhníodh cainéil aibhneacha go saorga mar chuid den obair seo chun a gcumas draenála a mhéadú agus talamh talmhaíochta sna dobharcheantair a fheabhsú dá bharr. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe a cuireadh i ngníomh chun táirgeachtaí na scéimeanna a dhéanamh amach ó thaobh na haschuir phleanáilte a tháirgeadh laistigh de thargaidí ama agus buiséid. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar mar a cothabháladh na scéimeanna tar éis don obair a bheith críochnaithe, ar chostas agus ar éifeachtúlacht oibreacha na scéime agus ar an mbealach a ndearnadh meastóireacht ar éifeachtacht na scéimeanna.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 15: Buiséid Riaracháin i Státseirbhís na hÉireann Adobe PDF format document

    Published on 13 May 1997

    Feidhmíonn ranna státseirbhíse faoi chóras de 'bhuiséid riaracháin' chineachta chun a gcuid costas reatha a chlúdach, lena n-áirítear an párolla. Tá an córas buiséid beartaithe le go soláthródh sé spreagadh do ranna éifeachtúlacht ó thaobh riaracháin a mhéadú agus caiteachas a laghdú. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe ar éifeachtacht an chórais bhuiséadaithe agus ar a thionchar ar chaiteachas riaracháin na státseirbhíse. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar ról na Roinne Airgeadais sa phróiseas buiséadaithe, agus ar a fhairsinge is atá an buiséadú cineachta laistigh de ranna státseirbhíse.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 14: Tionscadal Ginealais na hÉireann Adobe PDF format document

    Published on 23 April 1997

    Cuireadh tús le Tionscadal Ginealais na hÉireann, faoi choimirce Roinn an Taoisigh, leis an aidhm go bhforbrófaí bunachar ríomhairithe inchuardaithe sonraí faisnéise a bhaineann le taighde ar stair theaghlaigh in Éirinn. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a mhéid is d'éirigh leis an tionscadal bunachar sonraí cruinne cuimsitheacha a chruthú, agus córas náisiúnta pleanáilte a chur i bhfeidhm chun seirbhís taighde ar stair theaghlaigh a sheachadadh. Rinneadh athbhreithniú ar mar a bainistíodh an tionscadal freisin.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 13: Suirbhéireacht Ordanáis Adobe PDF format document

    Published on 07 May 1997

    Is é an tSuirbhéireacht Ordanáis (SO) gníomhaireacht mhapála an stáit. Tá freagracht uirthi as léarscáileanna a chur le chéile agus a sholáthar chomh maith le sonraí eile a bhíonn ag teastáil ó dhaoine a bhaineann úsáid as faisnéis gheografach. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe ar phróifíl aoise shonraí léarscáile na SO, ar cháilíocht na seirbhíse arna soláthar dá custaiméirí agus ar a feidhmíocht ó thaobh airgeadais. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an tionchar a bhí ar an SO ag athruithe ina timpeallacht oibriúcháin, go háirithe dul chun cinn atá déanta ó thaobh teicneolaíochtaí mapála ríomhaire-bhunaithe.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 12: Soláthar in Ollscoileanna Adobe PDF format document

    Published on 22 January 1997

    Tarmligtear freagracht as earraí agus as seirbhísí a sholáthar i seacht nOllscoil na hÉireann chuig ranna acadúla agus riaracháin go ginearálta. Ní mar an gcéanna a bhíonn an oiread den fheagracht a tharmligtear i ngach áit, agus coinnítear roinnt freagrachtaí lárnacha um sholáthar agus stóráil ag an leibhéal institiúide. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a leordhóthanaí is a bhí na socruithe um sholáthar laistigh de gach ceann de na hollscoileanna, agus ar réimsí ina bhféadfaí scóip le haghaidh comhshocruithe ceannaigh a fheidhmiú. Scrúdaíodh naoi gcatagóir earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí glantóireachta agus slándála agus ceannach leabhar agus ceimiceán.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 11: Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin Adobe PDF format document

    Published on 28 January 1997

    Tosaíodh tionscadal mór i 1994 chun áis Ard-Mhúsaeim nua a chruthú ag Dún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath. Bhí obair le cur i ngníomh ar bhonn céimneach chomh fada le 1999. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe arna dhearadh chun a dhéanamh amach an ndearnadh breithmheas leordhóthanach ar an tionscadal agus an ndearnadh pleanáil leordhóthanach lena aghaidh, agus ar bainistíodh an tionscadal go héifeachtúil.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 10: Pleanáil ó thaobh Cóiríochta do Scoileanna Dara Leibhéal Adobe PDF format document

    Published on 22 January 1997

    Maoiníonn an Roinn Oideachais clár caipitiúil suntasach le haghaidh foirgnimh scoileanna dara leibhéal a sholáthar, a athfheistiú agus a chothabháil. Léiríonn an t-éileamh ar mhaoiniúchán le haghaidh tionscadal aonair an bealach casta a mbíonn toradh ag athruithe déimeagrafacha i gceantair scoileanna ar a chéile, chomh maith le meath stoc na bhfoirgneamh atá ann cheana féin, tograí le haghaidh scoileanna a chónascadh agus beartais le haghaidh curaclaim a leathnú agus a fhorbairt. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe ar chórais na Roinne, le mar a sholáthrófar cóiríocht do scoileanna dara leibhéal, a phleanáil agus a bhainistiú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 9: Gulliver: Córas Faisnéise agus Áirithinte Turasóireachta Éireann Adobe PDF format document

    Published on 25 September 1996

    Chomhoibrigh Bord Fáilte (Bord Turasóireachta na hÉireann) agus Bord Turasóirí Thuaisceart Éireann lena chéile i gcomhthionscadal chun córas ríomhaire-bhunaithe faisnéise agus áirithinte lóistín do thurasóirí a fhorbairt. D'fhorbair foireann inmheánach teicneolaíochta faisnéise laistigh den dá Bhord an córas - ar a dtugtar Gulliver – le cúnamh ó shainchomhairleoirí seachtracha. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe, lena ndearnadh athbhreithniú ar a mhéid is a sheachaid an córas an méid a pleanáladh, agus lenar scrúdaíodh an úsáid a bhaineann an tionscal turasóirí as. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar chostas an chórais, agus ar an mbealach a bainistíodh é.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 8: Tástáil Acmhainne Adobe PDF format document

    Published on 21 February 1996

    Nós imeachta is ea an tástáil acmhainne a chuireann roinnt gníomhaireachtaí stáit i ngníomh chun a dhearbhú go bhfuil teidlíochtaí ar scéimeanna éagsúla stáit agus údaráis áitiúil bailí. Is gnách go mbaineann faisnéis a bhailítear le stádas airgeadais iarrthóra tráth ama áirithe. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar an scóip atá ann leis an tástáil acmhainne a shimpliú agus a chuíchóiriú, chun na costais a bhaineann le tástálacha acmhainne a fhorfheidhmiú, a laghdú, chomh maith le hualach na tástála le haghaidh teidlíochta ar an iarrthóir a laghdú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 7: Cistí arna bhfáil ar iasacht ag FEOGA Adobe PDF format document

    Published on 18 April 1996

    Fuair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta cistí ar iasacht ar bhonn airgeadais idirlinne, chun freastal ar an gcostas a bhain le tráchtearraí a cheannach le haghaidh stóráil idirghabhálach táirgí áirithe talmhaíochta agus le híocaíochtaí i leith scéimeanna áirithe faoi Chomhbheartas Talmhaíochta an AE a mhaoiniú. D'aisíoc an tAE caiteachas ina dhiaidh ar rátaí comhaontaithe. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar a éifeachtúla is a bhainistigh an Roinn a chuid gníomhaíochtaí maidir le cistí a fháil ar iasacht, ar a fheabhas is a bainistíodh na rioscaí a bhain leis sin agus ar na ceachtanna is féidir a fhoghlaim don am amach romhainn.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 6: Bearta Forbartha Réigiúnacha Adobe PDF format document

    Published on 26 March 1996

    Tá an t-uafás acmhainní slogtha ag caiteachas ar bhearta forbartha réigiúnacha in Éirinn in imeacht go leor blianta, arna gcómhaoiniú ag an Stát, ag an Aontas Eorpach agus ag an earnáil phríobháideach. Dá bharr sin, tá sé an-tábhachtach go mbaintear úsáid as cistí sa chaoi is go mbainfear an toradh is fearr amach leo agus ar bhealach a chabhraíonn le cuspóirí tábhachtacha náisiúnta ó thaobh na heacnamaíochta a bhaint amach. Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe lena ndearnadh iarracht an bealach a ndearnadh meastóireacht ar éifeachtacht roinnt forbairtí réigiúnacha a dhéanamh amach. Ar na cláir a scrúdaíodh bhí cúrsaí iompair, eolaíochta agus teicneolaíochta, turasóireachta, tionscail ar mhion agus ar mheánmhéide, cúrsaí margaíochta agus bonneagair uisce agus seirbhísí sláintíochta.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 5: Bainistiú Áiseanna Teileafóin sa Státseirbhís Adobe PDF format document

    Published on 01 February 1996

    Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo torthaí scrúdaithe ar chaiteachas gach roinn Rialtais ar sheirbhísí cumarsáide. Go háirithe, breathnaíodh sa tuarascáil ar a mhéid is a bhí barainneachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann – lena n-áirítear an úsáid is fearr is féidir a bheith á baint as gréasán príobháideach an Rialtais féin – á bhfíorú. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar an mbealach a rinneadh monatóireacht ar chostais teileafóin i ranna.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 4: Tionscadal an Idirnascaire Gáis Adobe PDF format document

    Published on 05 December 1995

    Bainistíonn Bord Gáis Éireann (BGÉ) an córas náisiúnta le gás nádúrtha a tharchur agus a dháileadh. Toisc go raibh an soláthar dúchasach den ghás nádúrtha teoranta, thug BGÉ faoi thionscadal mór chun píblíne faoin bhfarraige a thógáil chun greille gáis nádúrtha na hÉireann a nascadh le greille na Ríochta Aontaithe, agus isteach i mórghreille na hEorpa dá bharr. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar na nósanna imeachta ar baineadh úsáid astu agus an tionscadal á phleanáil agus á chur i ngníomh.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 3: Iompar Gardaí Adobe PDF format document

    Published on 22 November 1995

    Riarann an Rannóg Iompair, a oibríonn amach as Ceanncheathrú an Gharda Síochána, seirbhísí iompair don Gharda Síochána (an Péas). Soláthraíonn agus cothaíonn an Rannóg cabhlach feithiclí le haghaidh oibriúcháin phóilíneachta, le haghaidh Airí a iompar agus le haghaidh seirbhísí iompair eile lena n-áirítear cúnamh don tseirbhís phríosúin. Tugtar sa tuarascáil torthaí scrúdaithe ar mar a bhainistítear cabhlach feithiclí an Gharda Síochána agus ar a fheidhmíocht sin.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 2: Bainistiú Fuinnimh sa tSeirbhís Sláinte Adobe PDF format document

    Published on 25 April 1995

    Rinneadh athbhreithniú leis an scrúdú seo ar mar a bhainistítear fuinneamh in ospidéil, in ionaid leasa agus in institiúidí cónaithe eile. Breathnaíodh sa tuarascáil ar a choigiltí is a fhaightear breoslaí agus soláthairtí fuinnimh agus ar a éifeachtúlaí is a dhéantar aschur fuinnimh de bhreoslaí. Breathnaíodh sa tuarascáil freisin ar a fheabhas is a d'éirigh le bearta a rinneadh le praghas breoslaí a íoslaghdú nó le inchuir níos saoire a chur ina n-áit agus le mar a chaitear fuinneamh a rialú.

    [view summary document]

  • Tuarascáil LAA 1: Clár LEADER Adobe PDF format document

    Published on 22 December 1994

    Ba é an cuspóir a bhí le Clár LEADER, arna mhaoiniú ag an AE, ná grúpaí aicsin áitiúla um fhorbairt a bhunú, a bhí freagrach as pleananna gnó comhaontaithe le pobail áitiúla a fhorbairt, a chur le chéile agus a fhorfheidhmiú, de réir a gcuid tosaíochtaí agus acmhainní féin. Cuirtear i láthair sa tuarascáil torthaí scrúdaithe lenar breathnaíodh ar a éifeachtúlaí is a riaradh Clár LEADER agus ar an mbealach a ndearnadh meastóireacht ar éifeachtacht an Chláir.

    [view summary document]

  • Special Report 95 - Financial Reporting in the Public Sector - Summary Adobe PDF format document

    Published on 04 July 2017

previous page Page 1 | 2 | 3 next page