ÉIRE 26 Deireadh Fómhair 2017
Tuarascála Spesíalta
-
Tuarascáil Ar Leith 10: Cúrsa Ginearálta a thagann chun cinn ar Iniúchtaí – Comhlachtaí Státurraithe Neamhthráchtála, Comhlachtaí Earnála Sláinte, Coistí Gairmoideachais

Published on 09 May 2008
Sa tuarascáil seo, pléitear le roinnt saincheisteanna a tháinig aníos in iniúchtaí a rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste le déanaí. Díríonn na saincheisteanna den chuid is mó ar theipeanna a bhaineann leis an bpróiseas soláthair, le rialachas agus le bainistíocht airgeadais. I gcás FÁS, Amharclann na Mainistreach agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, is ionann an téama agus Soláthar Ginearálta agus pléitear le saincheisteanna um Sholáthar Theicneolaíocht na Faisnéise i gcás Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann, Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Ospidéal Beaumont. Pléitear le buarthaí Rialachais agus Bainistíochta Airgeadais i gcás Fhoras na Mara agus na gCoistí Gairmoideachais.
-
Tuarascáil Ar Leith 9: Bord na gCon

Published on 11 June 2008
Is comhlacht leathstáit tráchtála é Bord na gCon a bunaíodh faoi Acht Tionscail na gCon, 1958, a raibh sé mar chuspóir aige tionscal na gcon a fheabhsú agus a fhorbairt. Ceadúnaíonn sé rás-rianta con agus rialaíonn sé iompar na rásaíochta ag na rianta sin. Scrúdaítear sa tuarascáil seo bainistíocht na dtionscadal caipitil, soláthar na seirbhísí slándála agus peorcaisí a mbaineann baill foirne taitneamh astu ag Páirc Shíol Bhroin. I measc nithe eile, déanann sé athbhreithniú ar léasú forthí le foirgneamh na Príomh-Oifige i Luimneach agus ar bhronnadh na gconarthaí le haghaidh sainchomhairleoirí gairmiúla, lónadóireachta, seirbhísí tote agus léiriú teilifíse
-
Tuarascáil Ar Leith 8: An Bord Náisiúnta um Leas Oideachais – Faillíocha sa Rialú Inmheánach

Published on 14 November 2007
Bunaíodh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais i 2002. Tá feidhm reachtúil aige a chinntiú go bhfreastalaíonn gach leanbh ar scoil nó go bhfaigheann siad oideachas ar shlí eile. I mí an Mheithimh 2003, ghlac an Bord freagracht as próiseáil a íocaíochtaí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Rinneadh athbhreithniú ar oibriú na rialuithe inmheánacha sa Bhord Náisiúnta um Leas Oideachais i rith na tréimhse 2003-2005 tar éis don Bhord teipeanna rialaithe a aimsiú i ndáil le soláthar theicneolaíocht na faisnéise.
-
Tuarascáil Ar Leith 7: Iniúchtaí Earnála Sláinte

Published on 29 October 2004
Shainaithin an t-iniúchadh airgeadais ar chomhlachtaí san earnáil sláinte roinnt réimsí a raibh tuilleadh imscrúdaithe ag teastáil uathu. Áiríodh leo na córais i bhfeidhm chun rialú iomchuí a chinntiú ar chaiteachas caipitil, ar bhainistíocht maoine, ar líonta a fhostaítear agus ar shaincheisteanna rialachais laistigh de ghníomhaireachtaí sláinte.
-
Tuarascáil Ar Leith 6: Clár um Fhorbairt Príomhbhealaí

Published on 29 June 2004
Beartaíodh infheistíocht €5.6 bhilliún ar fheabhsuithe ar bhóithre náisiúnta i rith na tréimhse 2000 – 2006 sa Phlean Forbartha Náisiúnta, arna sheoladh i mí na Samhna 1999. Faoin mbliain 2002, bhí an costas a measadh a bhainfeadh leis na hoibreacha pleanáilte dulta in airde go dtí beagnach €16 bhilliún. Ba é an aidhm a bhí leis an tuarascáil ná na cúiseanna a bhí leis an mórardú ar chostas na n-oibreacha pleanáilte a scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas meastacháin a bhí mar bhonn is mar thaca le costáil an chláir. Lena chois sin, scrúdaítear sa tuarascáil na socruithe a bhí i bhfeidhm chun tionscadail le bóithre náisiúnta a fheabhsú, a sholáthar, agus déantar athbhreithniú inti ar ghnéithe tábhachtacha a bhain le bainistiú foriomlán an chláir um fheabhsú bóithre.
-
Tuarascáil ar leith 5: Córais le hAgallaimh a Dhéantar le Gardaí a Thaifeadadh

Published on 19 February 2003
Suiteáladh áiseanna chun fianaise arna tógáil ag póilíní i 220 seomra agallaimh i stáisiún póilíní ar fud na tíre. Trealamh taifeadta closamhairc a bhaineann úsáid as VHS a bhí i gceist leis an trealamh a ceannaíodh i 2001. Scrúdaítear leis an tuarascáil seo an raibh an próiseas lenar sonraíodh agus lena bhfuarthas an trealamh ag teacht le dea-chleachtas um sholáthar poiblí agus ar comhlíonadh an dlí um sholáthar poiblí agus an trealamh á fháil. De réir an chomhghnáis, níor lorgaíodh dearcthaí na bpáirtithe a chuir tairiscintí isteach agus an tuarascáil seo á tiomsú óir nach bpléann an tuarascáil ach le mar a chomhlíon an Comhlacht Stáit a bhí i gceist cúrsaí cuntasachta i ndáil le rialtacht, cirte agus éifeachtaí airgeadais a fheidhme soláthair. Dá bharr sin, ní thaifeadtar dearcthaí an Chomhlachta Stáit a mheasúnaigh na tograí tairisceana ach mar fhianaise ar a mheasúnacht agus ní léirítear iad mar fhianaise ar chirte na measúnachta sin.
-
Tuarascáil Ar Leith 4: Rialú Airgeadais Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann

Published on 19 February 2003
Tugadh lochtaí áirithe ó thaobh gnéithe áirithe den bhealach a bainistíodh cúrsaí airgeadais sa Bhord faoi deara san iniúchóireacht airgeadais ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann. Scrúdaítear leis an tuarascáil seo na heasnaimh a tháinig chun cinn sna réimsí ó thaobh buiséadaithe agus costála, mar a bainistíodh airgead tirim agus mar a bainistíodh tionscadal chun córas ríomhairithe a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí bailiúcháin fola a rialú.
-
Tuarascáil Ar Leith 3: Fóirdheontais Tí Altranais

Published on 30 January 2002
Féadfaidh daoine a dtugtar lóistín dóibh i dTithe Altranais a bheith i dteideal cúnamh airgeadais i dtreo is go n-íocfaí as iad a chothabháil. Bíonn an fóirdheontas faoi réir ag a leibhéil spleáchais agus ag tástáil acmhainne. Ba é aidhm na tuarascála seo ná scrúdú a dhéanamh le féachaint ar feidhmíodh cistí, arna soláthar ag an Roinn Sláinte agus Leanaí do bhoird sláinte chun críocha an fhóirdheontais, chun na críche sonraí sin, agus murab amhlaidh, conas a feidhmíodh na cistí agus suim riaráiste an fhóirdheontais atá dlite do dhaoine atá ina dteideal sin.
-
Tuarascáil Ar Leith 2: Iniúchóireacht Inmheánach i mBoird Sláinte

Published on 30 November 2000
Bhí feidhm i leith na hiniúchóireachta inmheánaí i ngach ceann den ocht mbord sláinte i 1999. Ba é aidhm na tuarascála ná stádas na hiniúchóireachta inmheánaí sna boird a scrúdú, ag breathnú ar ról agus chuspóirí gach aonad iniúchóireachta inmheánaí, chomh maith lena údarás, a neamhspleáchas, a chearta le teacht ar fhaisnéis srl., conas a pleanáladh agus a faomhadh a chuid oibre, a chur chuige i leith tascanna iniúchóireachta, a chuimsithí is a éiríonn leis a bheith ina iniúchóireacht, na caighdeáin arna leanúint, conas a foinsíodh acmhainní don aonad agus an socrú le haghaidh an méid arna fháil amach ag an aonad a thuairisciú agus a fhorfheidhmiú.
-
Tuarascáil Ar Leith 1: Íoc Pras Cuntas

Published on 03 October 2000
Cuimsíodh breis is 400 comhlacht poiblí faoi théarmaí an Achta um Íoc Pras Cuntas 1997, inar leagadh amach ceanglais le soláthraithe a íoc in am agus ús a íoc leo sa chás go mbeadh íocaíocht déanach. Bhí socruithe san Acht freisin le haghaidh tuairisc a thabhairt ar chleachtais íocaíochta agus géilliúntas a iniúchadh. Scrúdaítear sa Tuarascáil Ar Leith seo a mhéid is a chomhlíon soláthraithe an tAcht sa chéad bhliain i mbun feidhme dó, na saincheisteanna ó thaobh forfheidhmiúcháin le haghaidh ceannaitheoirí, an raibh an bealach ar tugadh tuairisc ar chleachtais íocaíochta sásúil agus céard iad na saincheisteanna a tháinig chun cinn agus géilliúntas á iniúchadh.
-
Tuarascáil Ar Leith: Imscrúdú ar mar a Riaradh an Cháin Choinneála ar Ús Taisce agus ar Cheisteanna Gaolmhara i rith na tréimhse 1 Eanáir 86 go 1 Nollaig 98
Published on 19 July 1999
Tar éis do reachtaíocht ar leith a bheith rite i 1998, thionscain an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste imscrúdú ar mar a feidhmíodh Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT). Ba é cúlra an scéil ná go raibh líomhaintí i gcoinne Bhanc Aontais Éireann cpt, faoi imghabháil chánach a bheith ar siúl trí úsáid a bheith á baint as cuntais bhréag-neamháitritheoirí. Taifeadtar torthaí an imscrúdaithe sa tuarascáil, lena bhfuarthas go raibh úsáid á baint go forleathan feadh earnáil uile na baincéireachta in Éirinn as cuntais bhréag- neamháitritheoirí mar bhealach le cáin a imghabháil. Taifeadtar sa tuarascáil freisin na cúinsí a d'fhág gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim, ar an mBanc Ceannais agus ar an Roinn Airgeadais aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist i gcaitheamh na mblianta.
-
Report on the audit of the 1994 Accounts of - Non-Commercial State Sponsored Bodies - Health Sector Bodies - Vocational Education Committees

Published on 11 January 2016
-
Report on General Matters arising out of Audit of 1995 Accounts in the Health Sector

Published on 11 January 2016
-
General Report - Non-commercial State-sponsored Bodies - Matters arising out of Audit of 1995 Accounts

Published on 11 January 2016
-
General Report - Education Sector - Matters arising out of Audit of 1995 Accounts

Published on 11 January 2016
-
Tuarascáil Ar Leith: Díolachán Tailte Stáit ag Gleann Daingin

Published on 08 January 1999
I 1991, dhíol an Roinn Fuinnimh a bhíodh ann an tráth sin, talamh breise neamhriachtanach ag Gleann Daingin. Tar éis iarratais ó Choiste na gCuntas Poiblí, d'fhiosraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an scéal. Rinneadh iarracht le tuarascáil an scrúdaithe fíricí agus ord na n-imeachtaí de réir dátaí a d'fhág gur díoladh an talamh, a dhéanamh amach ó fhianaise cháipéisí, agus tuairim a dhéanamh maidir le cé acu ar leanadh nósanna imeachta cearta nó a mhalairt agus ar cuireadh an diúscairt i ngníomh ar na téarmaí ab fhabhraí agus a bhíothas in ann a fháil go réasúnach.