Preasráitis

Year 2017 | 2016 | 2015 | 2014 | 2013 | 2012 | 2011 | 2010 | 2009 | 2008 | 2007 | 2006 | 2005 | 2004 | 2003 | 2002 | 2001 | 2000 | 1999 | 1998 | 1997 | 1996 | 1995
  • Tuarascáil ar Leith 80: Riaradh Chiste an Tobhaigh Náisiúnta Sláinte agus Údaráis Áitiúil

    Published on 29 April 2013

    Idir 1998 agus 2009, leithroinn roinnt comhlachtaí poiblí airgead ar mhaithe le tionscnaimh comhpháirtíochta sóisialta a bhunú agus ina raibh comhaltaí foirne san earnáil sláinte agus san earnáil údaráis áitiúil páirteach. Osclaíodh cuntas dar teideal Cuntas Chiste Tobhaigh Náisiúnta Sláinte agus Údaráis Áitiúil SIPTU (an Ciste) chun an t-airgead a soláthraíodh a choinneáil. Oifigeach sinsearach de chuid SIPTU a rinne an Ciste a riaradh. De bharr imní i measc an phobail faoi fheidhmiú an Chiste thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi chigireacht ar na cuntais agus na taifid airgid ar fad a bhain leis an gCiste a bhí ar fáil, de réir Alt 5 de (1) (b) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993. Déantar iniúchadh sa tuarascáil ar airgead poiblí a híocadh leis an gCiste agus a mhéid is a chuir na comhlachtaí poiblí a chuir maoiniú ar fáil socruithe cuntasaíochta agus tuairiscithe leordhóthanacha i bhfeidhm. Féachtar freisin ar mar a rinneadh bainistiú ar airgead sa Chiste agus mar a caitheadh é. Áirítear ann moltaí atá leagtha amach chun feabhas a chur ar an smacht a bhíonn ar dheontais Stáit agus ar chuntasacht ina leith.

    [view Press Release]