ÉIRE 4 Samhain 2017
Ceisteanna a Chuirtear go Minic
C: Céard iad feidhmeanna iniúchóireachta an ARC&C?
F: Tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as cuntais a iniúchadh feadh raoin leathain de ghníomhaíochtaí Stáit. Go háirithe, tá sé freagrach as na haonáin agus na nithe seo a leanas a iniúchadh
- Ranna agus Oifigí Rialtais
- Cistí arna riaradh ag Ranna Rialtais
- Bailiú Ioncaim Stáit
- Comhlachtaí Státurraithe Neamhthráchtála
- Comhlachtaí amhail Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais Tríú Leibhéil eile, Boird agus Gníomhaireachtaí Sláinte, Coistí Gairmoideachais.
- Lena chois sin, tá an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as eisiúint airgid ón Státchiste a rialú trína dheimhniú go mbaineann an eisiúint le seirbhísí atá údaraithe ag Dáil ?reann.
Cuireann an tARC&C roinnt comhiniúchóireachtaí ar Chomhlachtaí Thuaidh/Theas i ngníomh freisin i gcomhar lena mhacasamhail i dTuaisceart ?reann.
Féadfaidh an tARC&C, ar a chomhairle féin, scrúdú ar Luach ar Airgead a chur i ngníomh ar na haonáin sin arna
n-iniúchadh aige. Breathnaítear le scrúdú ar Luach ar Airgead ar chomh coigilteach, éifeachtúil agus éifeachtach is atá aonán tar éis a chuid acmhainní a úsáid agus a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
C. An bhfuil an tARC&C freagrach as cuntais Rialtais áitiúil a iniúchadh?
F. Níl an tARC&C freagrach as cuntais Rialtais Áitiúil a iniúchadh. Cuireann an tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil a ghabhann leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil iniúchóireacht ar chomhlachtaí den sórt sin i ngníomh.
C. An bhfuil an tARC&C freagrach as cuntais Chomhlachtaí Státurraithe tráchtála a iniúchadh?
F. Níl, ní thagann Comhlachtaí Státurraithe Tráchtála faoi chuimsiú shainordú an ARC&C. Bíonn siadsan á
n-iniúchadh ag gnólachtaí iniúchóirí san earnáil phríobháideach.
C. An féidir leis an ARC&C cuntais eagraíochtaí eile a iniúchadh?
F. Is féidir, is féidir leis an ARC&C leabhair, cuntais agus taifid eile de chuid eagraíochtaí réigiúnacha turasóireachta agus de chuid comhlachtaí eile a fhaigheann 50% nó níos mó dá n-ioncaim bhliantúil ón Stát, a imscrúdú.
C. Céard é feidhm an ARC&C mar Reachtaire?
Baineann feidhm an "Reachtaire" le heisiúint airgid ón Státchiste. Agus é sásta go mbaineann an eisiúint atá riachtanach le seirbhísí atá údaraithe ag Dáil ?reann, cuireann an tARC&C in iúl don Bhanc Ceannais go bhfuil cúrsaí i riocht le gur féidir dul ar aghaidh leis an ngnó.
C. An imscrúdóidh an tARC&C ceist áirithe arna hardú ag duine sa ghnáthphobal?
F. Breithneoidh an tARC&C na cúinsí uile a bhaineann le mí-úsáid a baineadh as cistí poiblí, arna tabhairt faoina bráid ag daoine sa ghnáthphobal. Cé acu an bhfuil údar ceart ann le ceist áirithe a imscrúdú nó a scrúdú mar chuid den ghnáthiniúchadh airgeadais, braithfidh sé sin ar na cúinsí ar leith a bhaineann leis an gcás, ar a ábharthacht agus ar an bhfianaise a bhíonn ar fáil le bunús a thabhairt leis na cúinsí a bhaineann leis an mí-úsáid a líomhnaítear a bheith bainte as cistí poiblí.
C. Cén caidreamh a bhíonn ag an ARC&C leis an Dáil?
F. Oifigeach Bunreachtúil neamhspleách is sea an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C), arna cheapadh ag an Uachtarán, arna ainmniú sin ag an Dáil.
Caidreamh tuarisceoireachta go bunúsach is sea caidreamh an ARC&C leis an Dáil. Cuirtear tuarascálacha uile an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i láthair Dháil ?reann agus scrúdaíonn coiste ar a dtugtar Coiste na gCuntas Poiblí (CCP) iad thar ceann na Dála.
Cé go mbíonn dlúthchaidrimh oibre idir an CCP agus an ARC&C, tá an dá aonán cuíosach neamhspleách ar a chéile, ó thaobh dlí agus cleachtais araon. Freastalaíonn an tARC&C, nó ball sinsearach foirne agus é as láthair, ar chruinnithe an CCP mar fhinné buan.
C. Cé a iniúchann cuntais Oifig an ARC&C?
F. Cuireann gnólacht cuntasóirí a fhostaítear ar chonradh an t-iniúchadh ar chuntais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i ngníomh. Chuir Mazars, Cuntasóirí Cairte, an t-iniúchadh ar chuntais 2003 i ngníomh.
C. An mbíonn taifid Oifig an ARC&C faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise?
F. Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, féadfar taifid a bhaineann le riaradh ginearálta na hOifige a scaoileadh. Níltear faoi cheangal taifid a bhaineann le hiniúchóireacht, le himscrúdú nó le scrúdú arna chur i ngníomh ag an Oifig a scaoileadh faoin Acht (seachas taifead arna chruthú roimh thús na hiniúchóireachta, an imscrúdaithe nó an scrúdaithe).